Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do theastuig uatha tig nuadh do thógaint i mBaile Móir. Do thagaidís gach lá chun an tíghe agus nuair a bhí an tig nách mór tógtha aca dóghadh ortha é. Aon oidhche amháin nuair a bhíodar 'na gcodhladh fuair duine dárb ainm Liam Ó Luasa galún íle agus beart tuighe agus cuir sé an tig trí theine. Muinntir Ó Murcadha a b'ainm dos na daoine gur leó an tig. Ní rabhadar 'na gcodhladh i mBaile Móir in aon cor. Théighidís abhaile go Baile an Fhásaig gach oidhche. Nuair a tháinig muinntir Ó Murchadha lár na mhárach tháinig iongnadh ortha an tig a bheith lasta taréis é thógaint. Dúbhradh go raibh Liam Ó Luasa air. An maidean taréis do an tig do dhógadh do chuaidh sé féin síos go dtí's na Gárdaí á gearrán féin. Tamall 'na dhiaidh sin do chuireadh go dtí an Osbéidéal i gCill Áirne é agus tá sé ag obair ann ó shoin. Do tógadh tig muinntir ó Murchadha airís tamall 'na dhiadih sin agus táid ag maireactain ann anois. Deirtear gurb é an fáth gur dhóigh sé an tig ná(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Shéaghda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí