Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 117](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0424%2FCBES_0424_117.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 117
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuirimíd aon drilleanna leis. Ní úsáidtear aon céachta adhmaid annso anois acht chonnaic mo mháthair chríonna ceann. Bhí déanamh aon chéachta air adeir sí acht é bheith déanta d'adhmad agus é bheith abhfad níos lúgha. Bhíodh soc iarainn air agus sole-plate iarainn. Ní chuirtí ag treabhadh aon bháin é ach ithir i gcómhnaidhe agus coinnleach. Nuair a chuirtí fé sgríb prátaí deintear iad do phacáil le sean-ránn nó sluasad. Ní chabhruigheann na cómharsain le na chéile acht dá mbeadh na prátaí ag dul déanach in aoinne thiocfadh muinntir an bhaile agus chuirfidís do iad. Nuair a thagann na prátaí ar barra cuirtear 'guano' leó agus taosgtar cré ortha. Annsan nuair a bhíonn na gais cuibhseach mór deintear iad do sprayáil, dhá uair agus deintear na 'seaimpíní do 'sprayáil' trí h-uaire. Cuirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí