Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bóthairín na Ghotaí:- Marbhuigheadh fear gur b'ainm do gotaí sa bhóthairín
Bóthar an Boy:- Do bhí tig tógtha ag fear gur b'ainm Tom the Boy.
Clasadh na Gainimhídhe:- Cnocáin mhóra gainimhidhe ag muinntir an bhaile ann i gcómhnaidhe.
Lios an Mhóraigh:- Do chómhnaigh daoine gur b'ainm dóibh "Moores" san lios fadó. Gaiscidhig do b'eadh iad.
Poll scoil Bazley:- Do bhí scoil scairte annso ag Bazley.
Bóthar an Phúca:- Tá púca le feiscint ann san oidhche amháin dtí an lá indhiu.
Gallóg Johnson:- Tig ann fadó le fear darbh ainm Johnson.
Tig an Phíopaire:- Ceóltóir ina chómhnaidhe ann sa tseana shaoghal.
An Cinneach:- Ní fhásach an fhéar ann mar chuir duine éigin a bhí ana bhocht a mhallacht ar an ngort.
Reilig na Guildeanna:- Roilig é seo i thá ann is ní chuirtí aoinne ann acht Guildeanna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí