Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Cheárdanna
Do bhí sean-duine ina chómhnaidhe i mBaile an Mhuillinn tímcheall 90 bliadhain ó shoin. Seán na mBireán a thugtaí air. Tugadh an ainm sin air mar do dheineadh sé bireáin. Do dheineadh sé téadracha chómh maith. Do bhí bothán tógtha aige i mBaile na Buaile agus do bhí mórán úirlisí ann aige i gcóir a chuid oibre agus do bé fé féin a dhein na h-úirlisí sin ar fad chun na dtéad agus na mbireán do dhéanamh. Do théidheadh sé chómh fada le Tráighlí chun na dtéad do dhíol. Bhí na téadáin a dheineadh sé i bhfad Eireann ní bfearr ná na téadáin a gheibheann le díol fé láthair. Ana fhear seóid do b'eadh é agus do bhíodh sé i gcómhnaidhe ag magadh fé's na daoine tímcheall na h-áite. Do bhíodh sé ag rádh gur bé an rud a bheadh na daoine ag glaodhach ar sara fada ná fear foghluma cliste(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann