Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Droch Shaoghal
Do luig an droch-shaoghal ana mhór ar mhuinntir na h-áite seo. Do bhí dhá oiread daoine ann an uair úd ná mar atá anois. Do bhí na prátaí bainte ag gach duine agus iad istigh sa tig aca nuair do tháinig an dubh ortha. An Dubh a tugadh air ar dtúis acht taréis tamaill tugadh an Lobha Dubh air. Gobáiste a bhíodh le n-ithe ag formhór na ndaoine agus turnapaí ag cuid eile. Do bhí foth-dhuine nár tháinig an Dubh in aonchor ar na prátaí ortha agus bhíodh na daoine eile ag ceannach prátaí chun síol uatha san. Do bhí roinnt maith oibreacha ar siubhal agus bhíodh na daoine ag obair ortha san ar theastiún sa ló. Do bhí min déirce a thabhairt amach sa Daingean. Do gheibheadh gach duine cheithre clocha mine gach seachtain. Do bhí na sagairt ag tabhairt déirce dos na daoine a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí