Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cistí óir i bhfolach
Tá lios in ár gcuid talmhan-na. Deirtear go bhfuil ór curtha i bhfolach ann. Nuair bhí na lochlannaigh ag dul chun catha ar an dtaobh theas de Chuan Fionntrágha do chuireadar an t-ór agus gach rud luachmhar a bhí acu i bhfolach ann. Do chuireadar peidhre broc á féireacht (fairitheach) agus tá siad le feiscint riamh ó shoin go mór mhór dá mbeadh aoinne ag mothúghadh san áit san oidhche. Do dhein daoine áirighthe iarracht ar an t-ór 7rl. do fhághail. Do bhí poll mór déanta aca agus fé dheire thángadar go dtí leac mhór. Bhíodar díreach ag tógaint na leice nuair a dhún an poll isteach ortha. Mhúcadh duine aca agus tháainig an cuid eile saor. Níor thug aoinne riamh ó shoin aon iarracht ar na rudaí d’fhághail mar bhí eagla ortha. Tá casán ag dul ón lios so fé thalamh go dtí gach lios i mbaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí