Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 261

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 261
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí beirt ann fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    seo a rinne iad sin ar fad agus sé a mhill an leite atá thú tar éis a ithe" adeir an fear. "Muise b'fhearr dhuit é a thabhairt dhom-sa ar feadh míosa má sé do thoil é" adeir an fear leis an bhfear ar leis an muileann. "Tiubhrad agus fáilte" adeir sé. "Má éirigheann aon bhlas dhó go gcaithfeadh sé deich bpunt a thabhairt dhom," adeir sé. "Ó m'anam nach n-éireócha aon bhlas dhó an fhad a bhéas sé agam-sa," adeir sé. Thug sé leis é agus tháinic sé go dtí a mháthair. Dubhairt sé léithe go rabh sé indon chuile shórt dhéanamh. "Meastú cé bhfuair an fear sin a leithide sin" adeir a mháthair. "Fuair sé thíos in ifreann é. "Ó go sábhála Dia sinn" adeir sí. "Céard a thug síos annsin é" adeir sí. "Ní rabh tada le n-ithe ná le n-ól aige agus b'éigin dhó a dhul síos" adeir sé. "Caithfe mise salann a mheilt dhom fhéin" adeir sé. "Meil salann dhom anois agus sin é an méid a bheas mé ag iarraidh ort" adeir sé. Thosuigh an muileann beag ag meilt an t-salainn. "Tá do dhóthain meilte agat anois" adeir an fear. Ach bhí sé ag meilt agus ag síor-mheilt. Rug an fear air agus thug sé leis go dtí an fhairrge é agus chaith sé amach sa bhfairrge é agus deirtear gurbé sin an fáth a bhfuil an fhairrge guirt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe