Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 171
Sean focal agus tomhaiseanna a chruinnigh malraigh sgoile an Ghuirt Mhóir sa gceanntar sgoil seo(?). 8/11/371)Céard a bhíonn ag siubhal agus a cheann faoi.
Frg. Tairne indo bhróig.2. Céard atá níos duibhe ná' fiach dubh?
Frg. A chuid clúmhaigh.3. Chuaidh mé suas an bóithrín agus tug mé liom an bóithrín ar mo dhruim.
Frg. Dréimire.4. Chuaidh trí mhac Dhómhnaill chraobh ag baint t-slat nár bhaineadar thugadar leo í agus an t-slat a bhaineadar níor thugadar leo í.
Frg. Trí phréachan dhá bpiocadh fhéin5. Tá sí thoir agus tá sí thiar agus tá sí in ngairdín Bhlá Cliath. Is mó a greim ná greim capaill is ní bhlaiseann sí do bhiadh.
Frg. Speal6. Cloigeann an duine bheo i mbéal an duine mhairbh.
Frg. Fear a mbeadh pota ar a cheann.7. M'athair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta mór air.
Frg. Das (?) Gabáiste8. Siúd é chugam thríd an ród é.
Frg. Fear gan cóta. (??)(leanann ar an chéad leathanach eile)