Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 260
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí beirt ann fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa sgéal agus d'imthigh leis agus an muilean[n] beag ina phóca aige. "Tabhair aire mhaith don mhuileann beag sin agus tabhair ar ais é cho luath agus fhéadfas tú" adeir fear an mhuilinn. D'imthigh sé leis agus nuair a tháinic sé cho fada le na theach fhéin bhí lucht oibre ag obair roimhe. Ní rabh mórán bídh le h-aghaidh an dinnéir aige agus dubhairt sé leis an muileann beag leite a mheilt dhó. Thosuigh sé ag milt cho tréan is a bhí sé indon go rabh lochán mór leite thart orru. Bhí siad ag ceapadh go stopfadh sé chuile uair ach níor stop. Cé casaí thart ach an fear ar leis an muileann. Thosuigh siad ag innseacht dhó. Bhí siad dhá rádh leis é a stopfa má bhí sé indon. Dubhairt sé an focal draoidheachta in a intinn fhéin agus stop sé ar an bpoinnte boise. Thosuigh siad ag ithe na leite. An méid a d'fhan chuir siad i bhfolach é go dtí an chéad lá eile. Tháinic fear go dtí iad agus d'fhiafruigh siad dhe an íosfadh sé leite. "Tá neart de annseo go bharr an mhuilinn bheag seo" adubhairt fear an tighe. Thosuigh sé ag ithe go rabh sé sáthach dhe. Nuair a bhí siad réidh chonnaic an fear seo teach sgathamh uaidh. "Ó nach breágh an teach é sin thiar" adeir sé. "An bhfeiceann sibh an muileann sin?" adeir an fear ar leis é. "Feiceann" adeir siad ar fad. "An muileann beag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe