Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 256
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí beirt ann fadó.

    Bhí beirt fear ann fadó. Bhí duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Níl aon lá nach dtéigheadh an fear bocht ag iarraidh rud eicínt ar an bhfear saidhbhir. Tháinic sé lá amháin ach dubhairt an fear saidhbhir gur bé an rud deireannach é a thiubhradh sé dhó. "Má tá aon rud ag teastáil uait aon uair eile caithfe tú a dhul go dtí an áit thíos dhá iarraidh" adeir an fear saidhbhir. "Ó muise go bhfóiridh Dia orm" adubhairt sé agus d'imthigh sé leis go dtí an sean teach a bhí aige dhó fhéin. Chuaidh sé chodhladh sáthach brónach an oidhche sin. Nuair a d'éirigh sé ar maidin ní rabh aon fhód móna sa teach. Chuaidh sé amach sa ngarrdha ag cuartú ádhmaid agus cipíní. Chuaidh sé isteach agus rinne sé teine. I lár an lae bhí rud eicínt ag teastáil uaidh. Bhí fhios aige nach rabh aon mhaith dhó a dhul amach dhá iarraidh ar an bhfear eile. Dhún sé an doras agus d'imthigh leis síos. Bhí sé ag dul síos go dtáinic sé go dtí an doras. Chonnaic sé na teinte móra. Bhí cuid aca dearg, cinn eile gorm agus dath
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe