Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Pisreoga a Chruinnigh Malraigh Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pirseoga a chruinnigh malraigh Sgoil
    an Ghuirt Mhóir, Rosmuc idir an
    10-11-37 & an 18-11/37, óna muintir sa
    mbaile.
    1. Cuireann siad splannc faoi an gccuinneóig nuair atá siad ag déanamh an mhaistre. Fatchíos go dtiubhradh na sidheóga an t-im leo.
    2. Mé thagann duine isteach is tú ag déanamh máistre buaileann sé thrí bhuille don luithne ar thóin na cuinneóge fatchíos go dtiubhradh sé an t-im leis nuair a bheadh sé ag imtheacht.
    3. Ní tugtar bainne amach á bealtaine faithchíos go dtiubhradh sé im na bliadhna leis.
    4. Cuireann siad ruibín dearg ar dhriobhall na bó nuair atá sí thar éis laoigh.
    5. Nuair atá páiste óg ann agus sean bhean a theacht isteach cuireann sí bail ó Dia fluich air.
    6. Ní tugtar aon teine amach lá bealtaine.
    7. Tá sé ráidhte má théigheann duine tharat is tú sínte siar cuirtear iallach ar a dul thart an bealach céadna arís mar tá sé ráidhte nach méadóchtá,
    8. Níl sé ceart t-aghaidh a bheith ar an teine agad nuair a bhéas tú ag rá an phaidirín.
    9. Má bhriseann tú an scáthán tá sé ráidhte nach mbeidh an t-ádh ort go ceann sheacht mbliadhan.
    10. Níl sé ceart ag bean a dul isteach i dteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge