Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “An Bhean a Chaith Bliain agus Lá in Ifreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí beirt ingean aice. Bhí duine aca pósta agus bhíodh a fear amuigh ag obair go mbíodh sé n'oidhche. Dubhairt sé leis an inghean nach rabh pósta a máthair a thabhairt léithi. "Mara mbéidh rud eicínt déanta léithi ins an oidhche amáireach déanfa mise mé féin rud eicínt léithi" adeir sé. Chuaidh sé ag obair an chéad mhaidin eile agus nuair a tháinic sé tráthnóna ní rabh an t-sean bhean imthighthe roimhe. An tríomhadh lá fuair an inghean cóta agus buidéal bainne. Chuir sí an cóta ar a máthair agus thug sí fhéin an buidéal léithe. Chuir sí a máthair ar a druim agus d'imthigh sí. Bhí sí ag siubhal ach ba gearr gur leig sí a sgíth. Thug sí an bainne dhá máthair. D'imthigh sí annsin. Bhí sí ag siubhal agus ba gearr go bhfaca sí teach i bhfad ón áit a rabh sí. Rinne sí ar an teach agus tháinic sí isteach. Bhí bean istigh ann agus bhí sí ag caoineadh. "Muise an miste dhom fiafruigh dhuit cé an fáth a bhfuil tú ag caoineadh" adeir sí? "Ní miste" adeir sí. "Cailleadh fear óg ar an mbaile seo agus caithfe duine éigin a bheith dhá chionn chuile oidhche agus sé mo mhac-sa a chaithfeas a bheith ann anocht."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghrillghais
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80