Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 250
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Dubhairt an inghean is sine go rabh sé in am aice féin a dhul ar aimsir. Chuir an mháthair síos cáca beag agus cáca mór. D'fhiafruigh an mháthair dhí cé aca a b'fhearr léithe dubhairt sí go mbearr léithe an cáca beag agus mallacht. Thug sí léithe an cáca beag agus d'imthigh sí. Is gearr gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean an tighe amach aice. D'fhiafruigh an inghean dhí ar theastuigh cailín aimsire uaithe. Thug sí isteach í agus chuir sí amach ag iarraidh uisge le siothalán í. Tháinic sí isteach agus ní rabh aon uisge aice. Bhain an bhean an cloigeann dhi. Nuair a bhí an dara h-inghean na bean dubhairt sí le na máthair gur rabh sé in am aice fhéin a dul ar aimsir. D'fhiafruigh an mháthair dhi cé aca cáca a thóigeadh sí. "An cáca beag" adeir sí. Is gearr gur tháinic sí go dtí teach. Bhuail sí ar an doras. Tháinic bean amach aice. "Céard atá uait" adeir an bhean léithe. "Ta aimsir" adeir an inghean. Chuir an bhean amach í ag iarraidh uisge le siothalán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    AT1180: Catching Water in a Sieve
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní hUlláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Gort Mór, Co. na Gaillimhe