Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “An Seanfhear Liath agus Madra an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Sean-Fhear Liath agus Mada an Rí.
    Bhí fear fadó ann agus ní raibh sa teach ach é fhéin agus a inghean. Bhíodh sé amhuigh go minic ag fiadhach é fhéin agus a gadhar. An lá seo chuaidh sé amach ag fiadhach agus d'fhág sé an cailín beag sa mbaile agus an gadhar. Nuair a bhí an fear imthighthe chuala an gadhar rud éicint ag an doras. D'osgail sé é agus céard a bheadh ann ach sionnach. Shíl an sionnach nac mbeadh sa mbaile ach an cailín beag ach is gearr go rabh fhios aige sin. Nuair a tháinig an sionnach isteach ní dhearna an gadhar ach breith air agus é mharbhú. D'fhág sé istigh faoi an leaba é. Chuaidh sé amach taobh amuigh den doras ag fanacht le fear an tighe. Bfhada leis go rabh fear an tighe ag teacht le go mbeadh sgéal breágh le n-innseacht aige. Nuair a tháinig fear an tighe abhaile chonnaic sé fuil ar bhéal an mhada í dhearna sé tada ach breith ar a ghuna agus é mharbhú. Bhí an fear ag ceapadh go bé an chaoi a mharbh an gadhar an cailín beag. Nuair a chuaidh sé isteach fuair sé an cailín beag sa leaba. Ní rabh fhios aige ó Dhia anuas céard a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ghaora
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Ghaora
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60