Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 259
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí beirt ann fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sgíth leigthí ag mo shean chara déanfa sé cathaoireacha nua dhom" adeir an fear leis féin. Nuair a bhí a sgíth leigthí aige fhéin bhí sé ag ceapfa go rabh an muileann beag sáthach maith. "Anois, a mhuileann bheag millfe tú mias bhreágh leite dhom" adeir sé. "Níl tada le h-aghaidh mo dhinnéir agam" adeir sé. Thosuigh sé ag milt na leite dhó go rabh an mhias lán. Dubhairt sé an focal draoidheachta agus stop sé go léim. Thosuigh an fear ag ithe na leite go rabh sé sáthach. Bhí aithmhéal air nach rabh an muileann beag indon rud ar bith a ithe agus cho maith is a bhí sé fhéin indon rud a dhéanamh. Nuair a bhí a dhinnéar ithte aige chuaidh sé go dtí an doras agus bhreathnuigh sé isteach ar an teach breágh a bhí aige dhó fhéin. D'imthigh sé leis amach ins na garranta agus shuidh sé síos ag caitheamh an lae dhó fhéin. Tháinic fear go dtí é agus d'fhiafruigh sé dhe cé bhfuair sé an oiread airgid a rinne an teach breágh sin dhó. "Níor chaill mé pinghin ná punt leis" adeir sé leis. Thug sé an muileann beag as a phóca agus dubhairt sé gur bé sin a rinne dhó é. "Abair leis rud eicínt a dhéanamh dhuit" adubhairt an fear leis. "Millfe sé chuile shórt dhuit" adéarfas tú leis. Bhí an fear ag ceapfa gur bé sin an méid a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe