School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 261
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí beirt ann fadó.”
(continued from previous page)seo a rinne iad sin ar fad agus sé a mhill an leite atá thú tar éis a ithe" adeir an fear. "Muise b'fhearr dhuit é a thabhairt dhom-sa ar feadh míosa má sé do thoil é" adeir an fear leis an bhfear ar leis an muileann. "Tiubhrad agus fáilte" adeir sé. "Má éirigheann aon bhlas dhó go gcaithfeadh sé deich bpunt a thabhairt dhom," adeir sé. "Ó m'anam nach n-éireócha aon bhlas dhó an fhad a bhéas sé agam-sa," adeir sé. Thug sé leis é agus tháinic sé go dtí a mháthair. Dubhairt sé léithe go rabh sé indon chuile shórt dhéanamh. "Meastú cé bhfuair an fear sin a leithide sin" adeir a mháthair. "Fuair sé thíos in ifreann é. "Ó go sábhála Dia sinn" adeir sí. "Céard a thug síos annsin é" adeir sí. "Ní rabh tada le n-ithe ná le n-ól aige agus b'éigin dhó a dhul síos" adeir sé. "Caithfe mise salann a mheilt dhom fhéin" adeir sé. "Meil salann dhom anois agus sin é an méid a bheas mé ag iarraidh ort" adeir sé. Thosuigh an muileann beag ag meilt an t-salainn. "Tá do dhóthain meilte agat anois" adeir an fear. Ach bhí sé ag meilt agus ag síor-mheilt. Rug an fear air agus thug sé leis go dtí an fhairrge é agus chaith sé amach sa bhfairrge é agus deirtear gurbé sin an fáth a bhfuil an fhairrge guirt.- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway