Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh an gadhar leis brónach go leór. Nuair a bhí sí réidh d'imthigh léithe. Is gearr go dtáinig sí go dtí teach a rabh solus ann. Bhuail sí ar agus labhar an glór taobh istigh. D'fhiafruigh sí céard a bhí ag tastál uaithe. Dubhairt an cailín go rabh obair ag tastál uaithe. Tara isteach a deir an duine taobh istigh. Chuaidh sí isteach agus sí sean-bhean le taobh na taobh. [!] "Tá obair ag taisteál uait" a deir an tsean-bhean má tá anois tabhair isteach lán an tsiothláin go uisge. Chuaidh sí amach leis an siothlán ach chinn sé uirri an t-uisge a thogáil. Chuaidh sí isteach ag an tsean-bhean agus dubhairt sí léithe nach rabh sí indhon é thógáil. Bhain an tsean-bhean an cloigeann gan cailín beag le slaitín dhroidheachta. Nuair a bhí an darna h-inghean bliadhan imtighthe dubhairt an tríomhadh h-inghean go rabh sé i n-am aice fhéin imtheacht. Chuir an mháthair síos cáca agus d'fhiafruigh sí cé mbfearr léite cáca mór agus a mallacht no cáca beag agus a beannacht. Dubhairt an inghean gur bhfearr léithe cáca beag agus a beannacht. D'imthigh sí léithe agus thosuigh an máthair ag cur beannacht na dhiaidh gur glan sí as a h-amharc. Is gearr go dtáinig an tríomhadh h-inghean go dtí an tobar céadna a dtáinig an bheirt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Mairead Ní Chonríog
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)