School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 419
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh aon té nó arán ann fadó ach fataí agus leite mine-bhuidhe. Nuair a thagadh na páistí abhaile ó'n sgoil leite mine-bhuidhe agus bláthach a bhíodh aca. Trí bhéile a bhíódh aca sa ló, an bricfeasta, an dinnér, agus an suipéar. Leite mine-bhuidhe a bhíodh aca ar maidin agus insan tráthnóna; agus fataí in ám dinnéir. Bláthach, salann, agus corr uair iasc a bhíodh aca leobtha. Ní raibh aca ach bord beag amháin a d'fhágfadh siad san gcoinnéil í gcomhnuidhe; as ciseóg a d'itheadh siad na fataí. Oidhche Nodlag bhíodh cáca beag mine-coirce aca a dhéanadh siad ar an bhfriocthán, agus sin é an méid uair san mbliadhain a mbíodh cáca aca. Ní raibh trácht ar bith ar cupan fadó ach saucepan. Bhíodh iasc aca oidhche Stiophán agus dá bhféadfadh siad gaoitín a fhághail sé a gheobhfadh siad. Oidhche Nodlag tharraingheochaidh siad an bord amach í lár an urláir, agus bhíodh cáca min-choirce, tae agus uibheachaí aca. Aon uair a mbíodh luach pun feola aca cheannuigheadh siad é. Feoil ghuirt is mo a ceannuigheadh(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe