School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 382

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 382
  3. XML “Féilte na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Féilte na Bliana 20 adh Bealtaine 1938
    Lá’ Le Máirtín. Tagann Lá ‘Le Máirtín gach bliadhain ar an 11 adh Samhain. Marbhuightear cearc nó éan tíghis eicínt eile, Oidhche Mhairtín nó an lá roimhe sin. Cuireann muinntear gach tíghe fuil na circe sin ar a mbaithis i bhfuirm croise. Deirtear muna marbhóchadh gach duine éan eicínt go marbhóchadh Naomh Máirtín fhéin é. Deirtear freisin gur dhúbhairt Naomh Máirtín ‘Glacfaidh mé roimhe acht ní ghlacfaidh mé ina dhiaidh’, sé sin nach ndéanadh sé cúis an chearc a mharbhú tar éis an féile.
    Oidhche Bríghde.
    An 1adh Lá Feabhra seadh Oidhche Bhríghde. Is fada le cuid de na páistí óga go dtagann an oidhche sin. Déanann siad páiste bréagach nó bábóg ar a dtugann siad an Bhríghdeóg. Bíonn sí déanta as punnan tuighe agus gúna fada geal uirtí. Bíonn crios faoin’ alár agus caipín ar bhárr an phuinneann. Ní aithneochthá annsin nach páiste beag í. Teigheann siad thart ó theach go teach ag bailiú airgid, annsin agus bíonn rann ghá rádh aca;- ‘Crios, crios Bríghid in mo chrios, Muire a’s a mac, Bríghid a’s a brat,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Nuala Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway