School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 413
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh aontaighe fadó ag na daoine í Mágh Cuilinn agus in Eiscir. Thagadh na daoine ó gach paráiste agus bhíodh siad ag ceannacht mucaí. Bíonn siad ag ceannacht agus ag díol mucaí, caoraí, beithigh agus capla. Nuair a mbíonn siad ag ceannacht nó ag díol rud ar bith tugann siad airgid dóibh. Thagadh muinntir an sléíbhe go dtí an áit sin fadó agus tar éis tamaill do bhriseadar suas na h-aontaighe nuair a bhí an bóthar ó Gaillimh go dtí an Clochán mar bhí Sliabh an Aontaighe (?) as an mbealach agus is annsin do cuireadh na h-aontaighe ar bun í Mágh Cuilinn. Ní raibh na h-aontaighe fadó cosamhail leis na h-aontaighe atá ann anois. Bhíodh cuile shórt spórt aca. Bhíodh siad ag damhsa is ag ghábháil amhrán. Theigeadh na fir óga agus na cailíní óga go dtí gach aonach agus tiubhradh (?) gach fear óg beagnach bean abhaile leis agus phósfadh sé í. Tá go leor sean sgéalta ag na sean daoine í dtaobh na h-aontaighe a bhí ann fadó agus seo ceann aca.
    Fadó bhí fear ag teacht abhaile ón aonach agus bhí sé ar meisge. Do luighe sé síos ar thaobh an bhóthair agus thuit sé in a chodhladh, do dhúisigh sé suas agus chonnaic sé na sídhóga ag damhsa thart timcheall; do thugadar isteach é go dtí an ríogh mar bhí sé ag rádh an amhráin mí-cheart agus do chuir an rí dhá chruit air.

    Áine Ní Chonchubhair
    Croch a Bhrocháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Conchubhair
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Porridgetown West, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Chonchubhair
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Porridgetown West, Co. Galway