School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 410
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Naomh ina comnuidhe í gCill Ainbhthín fadó agus is é an t-ainm a bhí uirtí Naomh Ainbhthín. Bhíodh cill aicí i n-aice leis an Séipéal. Tá sé ina seasamh fós, acht níl acht aon bheinn amháin ann anois. Níl aon fuinneóg san gCill cor ar bith. Tá tobar beannuighthe thíos í gCill Ainbhthín ín-aice lé Loch na Rosa. Bhíodh sé ag Naomh Ainbhthín fadó. Tugann siad tobar Naomh Ainbhthín. Téigheadh na daoine ann fadó lé léigheas a fhághail go mór-mór leigheas le h-aghaidh súl tinn.
    Fadó nuair a théigheadh na daoine go dtí an tobar leagadh siad píosaí éadaigh ina diaidh agus déireann siad paidreacha fós. Tá baile fearann ainmíghthe ina diaidh, agus scoil. Tá bullán ímeasg na gcrann í bpáirc Eamonn bFlaitbhearthuigh freisin. Dá mbeadh an t-uisge shíos lé bruith agat ní bhruithfheadh sé go deo.
    Fuair Naomh Ainbhthín bás ar an 18adh Eanair agus tá sí curtha í n-aice lé Loch na Rosa. Cuaidh naomh Ainbhthín agus naomh Pádraig go dtí an áit a bhfuil an séipéal agus thug siad a seacht mbeannacht do pharáiste Cill Ainbhhthín. Tá cill Naomh Breacáin ín-aice leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Laidhigh
    Gender
    Female
    Address
    Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Pádhraig Ó Laidhigh
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Ros Cathail, Co. na Gaillimhe