School: Caladh na Muc
- Location:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 024
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh mucha go fairsing annseo fadó. Is mar gheall ortha a bhaisteadh an t-ainm ar an áit. Beathuightear anois iad freisin. Bíonn aonach annseo an dara Céadaoin d'en mhí agus díolann na daoine na mucha do fear darb ainm McGivern a thagans annseo as Gaillimh. Is de réir meadhchain a ceannuigheann sé iad agus tugann sé leis iad i dtrucaille mór. Is san gclós ar aghaidh siopa Cartúra a bhíonn an t-aonach.
Coinnightear fíor bheagán de caoirigh. Bearrtar iad agus coinnightear an olann le stocaí agus geansaí a dhéanamh nuair a bhíos sé réidh lena a aghaidh sin.
Coinnightear cearca agus lachain géanna agus roinnt coilleach franncacha annseo. Nuair a bítear ag glaodhach na n-ainmhidhthe agus na n-éanlaithe chun bidh deirtear-
tioc/tioc do na cearca
píb, píb, píb do na coiligh franncaigh
furais furais do na muca
fít, fít do na lachain
such such do na gamhna(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Chéide
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe