Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    glanann síad an cuineóg go maith agus an bainne a bhíonns cruinnighthe acú cuireann síad ins an cuineóg é agus bíonn síad dhá déanamh nó go mbíonn sé deantá acú sé an caoi a bhfuilis acú go bhfuil an cuineóg déanta acú tagann sórt cumar aníos ar an cuineóg agus bíonn sort im tríd. Cuirtear uisge fuar air annsin fagann bean an tighe báisín adhmaid agus cuireann sí fíor uisge tríd agus meascann sí an t’im ins an mbáisín é lé salann. Fagann cuid de na daoinibh cupán uisge té agus fágann sí scian agus cuireann sí ins an gcupán é agus cuireann síad an scian ins an im águs má bíonn aon ribe ins an im bainfidh sí as é. Nuair a tosuigeann na daoine ag deanamh maistreadh cuireann muintir an tighe splannch faoi an gcuineóg mar abrann na sean daoine go dtiubhradh na sideóga leobh an bainne agus an t-im. Dá mbead bean an tighe ag deanamh maistreadh ba ceart don duine a tiocad isteach cuid de a deanadh mar abrann na daoine dá dtéighead an duine sin amach gan an maistreadh a deanamh go dtiubrad sé an t-im leis. Sé an t-ainm a tugtar ar an bainne bláthach agus cuirtear tríd an t-arán agus cuid d’en na mucaí. Tá go leor sgéalta ag faoí maistreadh. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag deanamh maistreadh agus tháinigh sagart isteach cuicí agus d’iarr sé splanc uirthi agus dubhairt sí leis nar ceart splanc a leigint amach agus dubairt sé léití
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraic Seoige Seáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fionasclainn, Co. na Gaillimhe