Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodh na mná agus na paiste ag sgreadach agus ag caoineadh Bhíodh na paiste saidthe i sgailpeanna ag a gchuid mataraca ag iarraidh fosgadh a tabairth doibh mar bhí a gcuidh tighthe fudaighthe leis an gaoth. Chailleadh na beithidhigh agus na caoire agus gach sagas ainmidhe mar ní raibh aon biadh acu. Bhí an féar fudaighthe uiligh. Tá amrán fada deanta faoí oidhche na gaoithe móire agus deir na sean daoine go mbéidh cuimnigh achu ar an oidhche sin go héag. Ta lorg na sean tighthe a leagh an ghaoth an oidhche sin agus an trosgann abíonns na tighthe briseadh go léir iadh agus níor fhan rudh ar bith slán. Abrainn na sean daoine go mbíodh a ataireach agus a mathaireach an oidhche sin ag dúl ó doras go doras ag guidhe do Dhia iadh a thabhairt slán agus bhíodh siadh ag craitheadh an t-uisge coirsgeadh freisin. Ní bhíodh ar na tighthe an t-am sin acht fuinneogh bheag amháin acht níor fagadh é sin féin i bfadh ortha briseadh go píosaí beaga e. Béadh cuimnigh grinn ag na daoine ar
    an oidhche sin Mar do reabh sí an saoghal mór Agus deir siadh go mba shin é an fath go bhfuil an oireadh sin de cunta agus de oilean ar an taobh thiar de Eire mar ba ann abhí an gaoth ba laidre agus bhí sé ag buaileadh in aghaidh na talmhan. Tá cnoch i gConnmara agus dtugtar Beann uí Bhricheann deír na sean daoine gur uaidh oidhche na gaoithe Móire a fuair sé an t-ainmh mar chuaidh brich na fairrge suas ar an gcnoch sin An lá in dhiaidh na stoirmhe móire déir na sean daoine na sean ballaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraich Seoige Mháirtín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe