Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar seisean "agus ní bheidh aon duine in ann mé a cheannacht acht Gabha na gCleas. Beidh mé istigh i gcasa deas agus fágfaidh tú ar oscailt é agus beidh mise romhat ar an gcéad cross-bhóthair a casfar ort". Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí lár na bhárach. Bhí an t-aonach ar an mbaile mór. Rinne an mac éan de féin agus chuaidh sé isteach i gcasa. Bhí sé ar an éan ba breaghtha a bhí ar an domhain. Cheannaigh Gabha na gCleas é. Bhí an gabha agus athair an éin ag coimhire an airgid agus níor chuimhnigh sé ar an gcasa a osgailt. Thug an gabha an t-éan abhaile leis. D-imthigh an t-athair leis abhaile agus an t-airgead aige. Chuir an gabha an casa ar an mbord agus an t-éan istigh ann. Chuir sé tairnigh dá chur i bhfastógh. Dubhairt an gabha leis an gcailín gan doras an t-seomra a osgailt go dtiocfadh sé féin. Chuaidh sé féin agus a chuid buachaillí amach ag fiach. Ní raibh an cailín sásta go mbéadh fhios aice céard a bhí sa seomra. D'osgail sí an dorus agus bhreathnuigh sí isteach ann. Labhair an t-éan agus dubhairt sé léithí an oiread uisge a thabhairt dó agus a fliucach a theanga. Thug sí cupán uisge dó agus nuair a bhí sé ag ól an uisge rinne sé eascaon bheag d'é féinagus d'fhan sé istigh san uisge. Níor bhreathnuigh sí ar an éan chor ar bith acht chaith sí an t-uisge amach tríd fuinneóg an tseomra. Thárla go raibh abhainn taobh amuigh de theach an gabha agus isteach leis an eascaon san abhainn. Tháinig an gabha agus a chuid fir as fiach tráthnóna. Sé an chéad rud a rinne an gabha ná breathnú isteach sa seomra. D'fiafruigh sé de'n cailín ar osgail sí an doras.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe