Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 054
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ba mhinic bhris béal duine a shrón.

    Ba mhinic bhris béal duine a shrón
    Snáithe fada an tailiúra
    Gáire maith agus codladh fada an dó leigeas is fearr i leabhar an dochtúra
    Tosach ceatha ceo, deireadh catha gleó.
    Bíonn adharca fada ar bhuaibh thar lear.
    Tosach sláinte codladh
    Is foisge do mhnaoi leith sgéal ná práisgín
    Ceann mór na céille bige.
    Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga
    Ritheann uisgí doimhne go ciúin
    An rud is giorra don chroidhe sé is giorra do’n bhéal
    Nuair is mó an spóirt is cóir stad de.
    Sí an dias is truime is ísle chromas a ceann.
    An té is mó cainnt sé is lugha obair.
    An cogadh ba mhó riamh tháinig duine slán as.
    Is beag an ghaoth nach lubfadh tráithnín
    Is fearr lúbadh na briseadh
    Bíonn cloch reatha gan caonach
    Is fearr rith ná droch-sheasamh
    Ag díol meala agus ag ceannach milseán.
    Ná bí luath chun labhartha ná leasg chun éisteachta.
    Dúnadh an dorais thar éis na foghla
    Is olc an rud gan aon sgéal bheith ar bharr theangadh
    Ní rún é agus fios ag triúr air.
    Is minic bhaineas duine slat a bhuaileas é féin
    An fear nach n-iomcharann a chóta lá tirim ní bhíonn sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Conraoi
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe