Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. ’San tsean aimsir nuair a gairmeadh “Oileán na Naomh ’s na nOllamh” ar an dtír seo do thóg manach beannuighthe cill dó féin in áit nach raibh tobar ná abha ná fíor uisge ar bith i bhfoigseacht cúig míle dó. Sé an fáth a bhí aige ná go mbeadh air cúig míle de shuibhlóid anróightheach a dhéanamh gach lá ar son Iosa Críosta.
    Bhí go maith ’s ní raibh go holc. Lean sé do’n saoghal a bhí leagtha amach dó féin. “Is toiltheanach an sprid go deimhin ach tá an colann lag.” Taréis ceann cupla blian d’eirigh sé tuirseach de’n obair bhí an créatúr bocht ag eirghe sean agus bhí na crámha ag giosgáin cosamhail le géaga sean chrainn ’san nGeimhreadh. B’facas dó go raibh meadhchon an diabhail féin ’san soitheach uisge a bhí gá iomchar aige. Ar chuma ar bith chum sé a áit comhnaidhthe d’athrú agus cill beag a thógáil dó féin níos giorra do’n tobair.
    B’in iad na smaointe a bhí ina ceann ag teacht abhaile dó ó’n tobar lá nuair a chuala sé goth bog íseal ag comhareamh “ceann, dá ceann, trí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Fionnuala Ní Chatáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cnocán Eibhir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Risteárd Ó Chatáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Cnocán Eibhir, Co. na Gaillimhe