Ba mhinic bhris béal duine a shrón Snáithe fada an tailiúra Gáire maith agus codladh fada an dó leigeas is fearr i leabhar an dochtúra Tosach ceatha ceo, deireadh catha gleó. Bíonn adharca fada ar bhuaibh thar lear. Tosach sláinte codladh Is foisge do mhnaoi leith sgéal ná práisgín Ceann mór na céille bige. Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga Ritheann uisgí doimhne go ciúin An rud is giorra don chroidhe sé is giorra do’n bhéal Nuair is mó an spóirt is cóir stad de. Sí an dias is truime is ísle chromas a ceann. An té is mó cainnt sé is lugha obair. An cogadh ba mhó riamh tháinig duine slán as. Is beag an ghaoth nach lubfadh tráithnín Is fearr lúbadh na briseadh Bíonn cloch reatha gan caonach Is fearr rith ná droch-sheasamh Ag díol meala agus ag ceannach milseán. Ná bí luath chun labhartha ná leasg chun éisteachta. Dúnadh an dorais thar éis na foghla Is olc an rud gan aon sgéal bheith ar bharr theangadh Ní rún é agus fios ag triúr air. Is minic bhaineas duine slat a bhuaileas é féin An fear nach n-iomcharann a chóta lá tirim ní bhíonn séSeán Ó Séaghdha