Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sise gur osgail agus gur thug sí cupán uisge dhó. "Cé'n áit ar chaith tú an t-uisge?" arsan gabha. "Chaith mé isteach san abhainn é" ar sise. "Tá sé san abhainn fós" arsan gabha le'na chuid fear. Chuaidh siad amach go dtí an abhainn agus rinne siad dá cheann déag de madraí díobh fhéin. Chuaidh siad isteach san abhainn agus d'eirigh an mac agus rinne sé séabhac aer dhe féin. Rinne siad-san iad féin seabhac díobh féin agus leanadar é. Bhí sé an-ghar dá in greim agus é ag déanamh ar theach ósta. Bhí bean ag breathnú amach tríd an bhfuinneóig sa tach seo. Rinne an mac fáinne de fhéin agus chuaidh sé (go) ar mhéir na mná. Rinne an gabha agus a chuid fir píopairí díobh féin agus chuaidh siad isteach san teach. Tháinig an bean óg seo anuas as an seómra ag éisteacht leis an gceól. Síl an gabha an fáinne a bhaint de mhéir an chailín acht rinne an fáinne splannc dhe féin agus isteach leis sa teine. Rinne an gabha agus a chuid fir dhá tlú dhéag díobh féin agus thosnuigh siad ag cuartú na teine. D'éirigh sé as an teine arís agus rinne sé gráinne cruithneachtain dhe féin agus chuaidh sé isteach i mála cruithneachtain. Rinne siad-san dhá ceann déag de geabhce díobh féin agus thosuigheadar ag cuartú an mhála. Rinne seisean sionnach dhe féin agus mharbhuigh sé gach ceann de na geabha. Nuair a bhí sé sin déanta aige rinne sé fear breágh dhe féin agus tháinig sé abhaile go dtí a athair. Bhí an bheirt 'na chómhnuidhe in éinfeacht agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe