School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 139
  3. XML “Gabha na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar seisean "agus ní bheidh aon duine in ann mé a cheannacht acht Gabha na gCleas. Beidh mé istigh i gcasa deas agus fágfaidh tú ar oscailt é agus beidh mise romhat ar an gcéad cross-bhóthair a casfar ort". Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí lár na bhárach. Bhí an t-aonach ar an mbaile mór. Rinne an mac éan de féin agus chuaidh sé isteach i gcasa. Bhí sé ar an éan ba breaghtha a bhí ar an domhain. Cheannaigh Gabha na gCleas é. Bhí an gabha agus athair an éin ag coimhire an airgid agus níor chuimhnigh sé ar an gcasa a osgailt. Thug an gabha an t-éan abhaile leis. D-imthigh an t-athair leis abhaile agus an t-airgead aige. Chuir an gabha an casa ar an mbord agus an t-éan istigh ann. Chuir sé tairnigh dá chur i bhfastógh. Dubhairt an gabha leis an gcailín gan doras an t-seomra a osgailt go dtiocfadh sé féin. Chuaidh sé féin agus a chuid buachaillí amach ag fiach. Ní raibh an cailín sásta go mbéadh fhios aice céard a bhí sa seomra. D'osgail sí an dorus agus bhreathnuigh sí isteach ann. Labhair an t-éan agus dubhairt sé léithí an oiread uisge a thabhairt dó agus a fliucach a theanga. Thug sí cupán uisge dó agus nuair a bhí sé ag ól an uisge rinne sé eascaon bheag d'é féinagus d'fhan sé istigh san uisge. Níor bhreathnuigh sí ar an éan chor ar bith acht chaith sí an t-uisge amach tríd fuinneóg an tseomra. Thárla go raibh abhainn taobh amuigh de theach an gabha agus isteach leis an eascaon san abhainn. Tháinig an gabha agus a chuid fir as fiach tráthnóna. Sé an chéad rud a rinne an gabha ná breathnú isteach sa seomra. D'fiafruigh sé de'n cailín ar osgail sí an doras.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway