School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 123
  3. XML “Fathach an Dá Cheann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí in Éirinn fadó agus ní raibh aige ach aon mac amháin. Ní raibh an fear seo ar an bhfarraige ariamh go raibh sé bliadhain is fiche d'aois. Dubhairt a athair leis gan dul ag an bhfairrge an lá seo. D'imthigh sé le dul amach ag an bhfairrge agus níor ghéill sé dá athair. Nuair a tháinig sé chomh fada leis an gcladach ní raibh sé i bhfad ann go dtáinic bean óg agus currach aice. Bhí an currach ag dul chomh sgiopaí is go gceapadh go raibh iomhradh na gcéadtha uirri agus gan innte ach aon bhean amháin. Tharraing sí suas an currach. Labhair sí le mac an Ríogh agus dubhairt an n-imreóchadh cluife cártaí a mhic an Rí. Ní faision liom mo chártaí a thabhairt as baile liom a bhean óg. Níl mise fhéin mar sin a mhic ó. Tharraing sí paca cartaí amach as a cluas agus thosnuigh orra ag imirt. An chéad cluife, chuaidh mac an rí é. Tabhair do gheasa a mhic an Rí arsa an bhean óg. Cuirimse faoí gheasaí thú agus faoi mhór-imirce na bliadhna nuair a thiocfhas mise abaile go mbeidh dúthaigh m'athair dubh le beithighidh. Féach anois agus feicfidh t iad arsa an bhean óg. D'fhéach an fear agus bhí. And dara cluife, chuaidh mac an Rí é. Tabhair do gheasa a mhic an Rí arsa an bhean óg arís. Cuirimse faoí geasa tú go raibh seomra i dteach m-athair lán le ór. Tá sin déanta arsa an bhean óg. An treas cluife chuaidh chuaidh an bhean óg é. Tabhair do geasa a mhnaoí óig arsa mac an Rí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway