School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 117
  3. XML “Dhá Ghé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a bhean ag siubhal fán dtuaidh lá. Chonnaic siad dhá ghé istigh i bpáirc. An bhfeicfidh tú an dá éan sin istigh sa bpáirc adeir an bhean. Ní’l ach ghé amháin ann adeir an fear. Ár ndóigh ní dall atá tú ar sise tá dhá ghé annsin os comhair do shúil. Ní’l ach gé amháin ann adeir an fear. Adeirimse go bhfuil dhá éan ann adeir an bhean. Adeirimse nach (go) bhfuil ach ghé amháin ann adeir an fear.
    Leanadar mar sin ag áiteamh ar a chéile. Fá dheireadh d’éirigheadar feargach le na chéile. D’iompuigh an bhean le dul abhaile.
    Coiscéim eile ní racfadh leat. Cá bhfuil tú ag dul mar sin adeir an fear. Gabh ar ais agus bíodh ciall agat. Nach bhfuil dhá ghé ann ar sise. Ní’l acht gé amháin ann adeir an fear. Tháinig an oiread sin feirge ar an mnaoi gur thuit sí i laige mar d’ eadh agus gur leig sí uirrí go raibh sí marbh
    Rith an fear bocht abhaile agus thug sé a h-athair agus a máthair go dtí an áit in a raibh an bhean bocht sinte.
    Bhí an t-athair is an máthair tré na chéile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1365B: Cutting with the Knife or the Scissors
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Caherateemore South, Co. Galway