Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 359

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 359

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 359
  3. XML “Naomh Mac Dara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Céadta blian ó shoin do chómhnuigh Naomh i gCárna dárb ainm Mac Dara. Ar oileán beag trí mhíle amach ón gcósta bhí comhnuidhe air. Bhí séipéal beag aige dá raibh ceann cloch air agus deirtear gur thóg na hAingle dhó é in aon oidhche amháin. Tá fotharaigh an teampaill sin in a seasamh fós agus tá tobar beannuighthe an Naoimh san oileán freisin.
    Mhair sé in a aonar san oileán sin agus ní bhíodh de bhiadh aige acht arbhar a mheileadh sé féin le dhá chloich agus braon uisge. Anois is aríst bhíodh iasg úr aige agus nuair a ghabhfadh aon duine isteach san oileán thiubhradh sé braon bainne chuige.
    Sé nós atá ag na daoine riamh ná na seolta d'ísliú ag dul thar Oileán Mac Dara in onóir don Naomh. Uair amháin rinne máirnéalach éicint faillighe ar an nós sin agus báthadh é cúpla céad slat ón oileán. Tugtar 'Mac Dara' fós mar ainm ar go leor páiste sa pharóiste mar gheall ar na Naomh.
    Tuiteann lá Fhéile Mac Dara ar an 16adh d'Iúl. Téigheann lear mór daoine go h-Oileán Mic Dara an lá sin chuile bhliain ar oilitricht. Na daoine nach dtéigheann chuig an Patrún, bíonn siad ag obair sa bhaile. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Cartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    10
    Seoladh
    Carna, Co. na Gaillimhe