School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 429
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí triúr clainne aice dárbh ainm Seosamh, Seáinín agus Saibhín. Bhíodar an-bhocht agus ní raibh aca ach aon chearc amháin agus bheireadh sí ubh gach lá. Théigheadh Saibhín ag an siopa chun an ubh do dhíol gach lá agus lá amháin casadh mac an rí di, agus rug sé ar an ubh as a glaic agus bhí sé sgríobhta ar an ubh an té a d'íosfadh an croidhe go mbeadh sé 'na mháighistir ar choróin sa ló agus an té a d'íosfadh an tiogán go mbeadh sé 'na rí ar leath an domhain. Chuaidh mac an rí annsin go dtí teach Shaibhín agus dubhairt sé le na máthair an chearc a mharbhú ionnús go mbeadh béile aca agus go n-íosfadh sé fein an croidheagus go n-íosfadh Saibhín an tiogán. Maidin 'na dhiaidh sin chuaidh an mháthair ag cur Seosaimh agus Seáinín ag an scoil agus annsin mharbhuigh sí an chearc. Nuair a tháinig mac an rí agus Saibhín tráthnóna leag bean an tighe an bhruith anuas chuca agus annsin leag sí an chearc chuca ach d'fhiafruigh siad cá raibh an croidhe agus an tiogán agus dubhairt sise gur ith Seosamh agus Seainín agus annsin thosuigh sí ag bualadh Seosaimh agus Seáinín agus d'imthigh siad leo ar fad as an teach.
    An oidhche sin casadh go dtí teach iad ina raibh sean-chailleach ann agus d'iarradar lóistín agus fuaireadar sin agus fáilte. Maidin lá ar na bhárach nuair a bhí an sean-chailleach ag cóiriú na leaba fuair sí coróin. 'Cé agaibh a chaill an choróin' a deir sí leis na buachaillí agus dubhairt siad nárbh iad féin a chaill í mar nach raibh a leithéid aca agus dubhairt an chailleach nach raibh a leithéid aice féin ach an oiread. Annsin do roinn Seosamh agus Seáinín an choróin eatortha leath - choróin an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. na Gaillimhe