School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 366
  3. XML “An Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá trí nó a ceathar de reiligí sa pharróiste Mhaighruis. Siad iad:- Reilig Chill Chiaráin, Reilig Mhaighinse, agus Reilig Mhaighruis. Cuirtear daoine ins gach ceann aca fós. Cuma cruinn atá ar Reilig Chill Chiaráin, ach tá an péire eile cearnógach. Tá fotharrach seana-teampaill in aice le Reilig Mhaighruis, agus tá sé ana mhór agus leathan. Tá reilig Mhaighruis leibhéalta agus tá fánaidh siar leis an bpéire eile. Ní fhástar aon crainn ná tuir i gceann aca. Tá siad lom ach fásann féar borb fada i Reilig Mhaighruis.
    Feictear a lán sean-chroiseanna agus sean tuambaí ionnta go léir. Bionn sgáth agus faitchíos ar gach duine de gnath ag dul thar reilig ago mór mhór san oidhche, mar deirtear go mbíonn na spioraidí ar an mbóthar in aice na reilige. Níl aon reilig díomhaoin sa gceanntar seo faoi láthair ach is gearr go mbeidh an ceann i Maighnuis lán go béal. Do leathnuigheadh reilig Chill Chiaráin le gairid mar bhí sí ana-bheag.
    Tá a lán cloch ornáideach le feiceáil i Reilig Mhaighruis agus leacacha móra eile. Leanbhaí a fhághanns bás roimh baistidhe cuirtear i ngarraidhe iad agus tugtar cillínigh ar an áit. Tá Reilig Mhaighruis in úsáid suas le céad bliain agus is iomdha duine atá curtha innte ó shoin. Deirtear go n-íosfadh agus go sluigfeadh sí a dtiocfadh agus a dtáinig agus tuilleadh dá bhfaghadh sí é. Ní chuirtear aon chorp i reiligí taobh amuigh de'n cheanntar ach corr ceann anseo agus annsiúd.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish