School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 434

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 434
  3. XML “Seanscéal - Seán an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó dárbh ainm Seán an tSléibhe, agus bhí sean chapall aige. Bhí Seán amuigh sa gharrdha, agus beirt cheannaidhe leis ag ceannacht an chapaill uaidh.
    Séard na h-ainmneacha a bhí orra, an Ceannaidhe mór, agus an Ceannaidhe beag. D'iarr Seán £50 ar an gcapall ach dubhairt siad nach dtiubhradh siad an méid sin air. 'Ó is fiú níos mó ná sin é', arsa Seán, 'agus féachaighidh go bhfeicidh sibh. Gach buille anois dá mbualadh mé air béarfaidh sé giní óir'. 'Fan go bhfeicimid', arsa siad-san. Bhuail sé an capall agus rug sé giní óir.
    Cheannuigh an bheirt an capall. Is amhlaidh a chuir Seán an tSléibhe giní suas faoi dhrioball an chapaill, agus nuair a bhuail sé é chaith sé amach é. Thug na ceannaidhthe leo an capall agus bhí siad ag gabháil air go raibh siad tuirseach.Cheap siad go mbéarfadh sé a lán giní dóibh, agus nuair nár tharla sin bhíodar ar buile. B'é deire an sgéil é gur mharbhuigh siad an capall.
    Lá eile chuaidh an bheirt arís isteach i dtigh Sheáin. Bhí sé féin agus a bhean istigh rompa. Nuair a chonnaic Seán iad ag tigheacht dubhairt sé le'n a mhnaoi, 'leigfidh mé orm féin go bhfuil mé ar meisge, agus gheobhfaidh mé tuagh, agus marbhóchaidh mé tusa'. Rinne sé amhlaidh agus mharbhuigh sé a bhean. Annsin fuair Seán 'tumbler' , chuimil sé uirrí é, agus d'éirigh sí aríst. Nuair a chonnaic na ceannuidhthe sin bhí iongantas an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway