School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 463
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ná bí ag sgeannadh na bhfataí.
Tá cosán dearg déanta agat ag dul ar chuaird ann.
Geibhfidh mé gnó dhe uair éigin.
Is fearr an t-ádh ná éirí go moch.
Fé choimirce Dé, is Muire is Colmcille thú.
Is fada an lá tuillte agat é.
Ní bhfuighe tú é go bhfuigheadh Pól a shúil.
Níl mé in a dhiaidh ort.
Ní féidir leat fanacht socair, ach tú mar bheadh cat i mála.
Chomh siúráilte is atá súil ar asal.
Déanamh gach rud is gan tú ach ag caint.
Níl do leithéid le fághail ó Cheann Léime go Gaillimh.
Tá sé chomh fíor le caint Sasanaigh.
Tá tú i do libín leis an mbáisteach.
Is geall le luch báidhte ag teacht thú.
Ní fiú uisge na gcos thú.
Ní fiú thú an splannc a thógáil de do chos.
Is diabhalta fuar an lá é.
Dhéanfá cat is dhá ruball, is ruball le cois is gan tú in don tada a dhéanamh.- Collector
- Máire Ní Bhrian
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Roisín an Bholgáin, Co. Galway