School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 440

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 440

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 440
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sarar cuireah na Scoileanna Náisiúnta ar bun sé an t-ainm do bhí san áit ar na scoileanna ná scoileanna scairte agus corr-uair scoileanna fóidín. Tugadh an t-ainm sin ortha mar bhí siad i leath-taoibh an bhóthair agus scoileanna an-bhochta a bhí ionnta. Bhíodh an scoil amuigh fan aer corr-uair agus istigh ins na bothain corr-uair eile. Bhíodh múinteoirí gann an t-am sin. Bhíodh múinteoir ag múineadh san Aord Mhóir agus sé an t-ainm a bhí air Seán Ó Conchubhair agus bhíodh sé ina chómhnaidhe annsin. Bhí a lan eile aca ann freisin. Stróinséaraí dob eadh cuid aca agus ia daoine ó'n gceanntair a bhí sa gcuid eile.
    Bhíodh an scoil ar siubhal i dtighthe na bhfeirmeoirí go minic ní h-ionann is anois. Ní ins na tighthe céadna a bhíodh na múinteoirí gach oidhche mar bhídís ag taisteal ó áit go h-áit. Sé an pháigh a gheighidís ná punt sa mhí, agus thugadh na daoine a mhúinidís beagán airgid dóibh freisin. 'Scríobh' an t-ábhar is mó le rádh a mbíodh cainnt air, agus a bhíodh dhá mhúineadh agus léigheamh freisin, maidir le uimhríocht ní raibh aon chainnt air. Bhíodh Béarla ag na múinteoirí agus mhúinidís é. Do mhúintí an léigheamh tré Bhéarla agus anois is arís tré Ghaeilge. Bhíodh na páistí ag sgríobh go minic. Bhíodh saghas binnsí ins na scoileanna a shuidheadh na páistí ortha. Is beag an chosamhlacht atá ag scoileanna an lae indiu leis na scoileanna a bhí ann sa tsean-aimsir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway