Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. Galway
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 472

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 472

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 472
  3. XML “Tobar Síonnach”
  4. XML “Tobar Naomh Ciarán”
  5. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar beannuighthe ar an taobh thiar de chnoc an Choilín agus tugann daoine turas ann Dia hAoine agus Dia Domhnaigh ach deirtear gur fearr an turas a thabhairt Dia hAoine. Uair amháin bhí Naomh Mac Dara ar an gcnoc agus bhí tart mór air agus ní raibh aon uisge in aice leis. D'iarr sé ar Dhia uisge a chur ann agus tháinig an tobar sin ins an talamh. Fadó, fuair go leor daoine achuingí mar gheall air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.