Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí i gCúige Laighean fadó agus bhí seachtar inghean aige. Nuair a tháinig Naomh Pádraic go hÉirinn bhaist sé iad agus rinne sé mná-riaghalta díobh. D'imthigh siad leo ag múineadh an chreidimh agus tháinig siad go Conamara. Gach áit a shuidheadh siad síos ag leigint a sgíth thagadh tobar beannuighthe ann agus thógadh na daoine leachta ann. Chuaidh siad isteach ar an oileán Máisiún roimh éirighe gréine agus nuair a d'éirigh na daoine, chonnaic siad seacht gcosán ag dul go dtí an tobar beannuighthe. Tá tobar eile i Máigh Inis agus i lán áiteanna ar fud Chonamara.
- Bhí sagart in a chomhnuidhe i Maorus fadó agus sé an t-ainm a bhí air an t-Athair Síonnach. Bhí tobar beannuighthe 'san áit agus nuair a d'imthigh an sagart thug na daoine an t-ainm(leanann ar an chéad leathanach eile)