Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 423

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 423

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 423
  3. XML “Oíche na Stoirme Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tharla Oíche na Stoirme Móire sa bhliain 1839. Ba é an stoirm agus an bháisteach do b'uathbhásaigh í dá dtainig ariamh. Bhí an lá chomh breágh agus chomh ciúin agus a chonnaic éinne ariamh ach sa tráthnóna d'éirigh stoirm agus bhí sí ag neartú go dtí go raibh faitchíos agus scannradh ar gach duine agus cheap siad go raibh deireadh leis an saoghal. Bhí a lán bád amuigh ar an bhfarraige an lá sin agus agus deirtear go raibh dhá bhád ar ancaire i Maighnis tar éis na Gaillimhe agus bhíodar lán le daoine. Tháinig faitchíos uathbhásach ortha agus d'éirigh an stoirm chomh mór gur scaipeadh an dá bhád ó chéile agus sluigeadh isteach ins an bhfarraige iad go léir. Tháinig cuma uathbhásach ar an bhfarraige agus bhí faitíos ar gach duine mar ní fhaca siad a leithéid de chreach ná de dtoirm ag teacht trasna na h-Éireann riamh roimhe sin.
    Do leagadh a lán tighthe agus a lán crainnte a bhí go láidir i dtalamh an oidhche sin agus na tighthe tuighe freisin. Fuaduigheadh iad go léir agus níor fágadh buan bán ag na daoine bochta, agus do cailleadh an chuid is mó de na daoine sin mar tháinig an stoirm agus an bháisteach ortha. Deirtear go raibh salann sáile le feiceáil ar Chnoc Mhám Éan maidin lá ar na bhárach mar do tháinig an fharraige cháithte air. Do mhair an stoirm ar feadh aon oidhche amháin agus bhí sé chomh breágh lá ar na bhárach is a bhí sé ariamh. Is iomdha duine a rugadh an oidhche sin ach sílim nach bhfuil aon duine beo anois mar tá sé suas le céad bliain ó tharla sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe