Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear i gCiarraighe Donn agus Siúrtán agus ní raibh aon bheirt fhear sa domhan ba mhó a raibh draoidheacht aca ná iad. Chuir Donn agus Siúrtán a mbeirt mhac go dtí draoidheadóir le foghluim, mar bhí an draoidheadóir seo an-láidir agus draoidheacht mór aige. Nuair a bhíodar sgathamh aige tháinig Fianna Éireann ar cuairt ins an teach a raibh an bheirt ghasúr ann agus bhí dinnéar mór ann, agus de réir mar bhíodar ag caitheamh an dinnéir bhíodar ag caitheadh na geamhanna amach ar an urlár chuig na cúnna. Nuair a bhí an dinnéar thart chuaidh chuile dhuine amach ach Donn, athair duine de na gasúir. Tháinig gasúr Shiúrtáin go dtí é agus chuir Donn idir a dhá ghlúin é agus d'fhág sé idir a lámha agus a ghlúine é gur mharbhuigh sé é. Chaith sé isteach é idir na cnámhanna san ait a raibh na gasúir ag piocadh na feola. Nuair a tháinig Siúrtán isteach bhí an-fhearg air nuair a chonnaic sé a mhac marbh.
Annsin bhreathnuigh sé ins an chuile áit agus thóg sé suas é agus dubhairt sé nach iad na gadhair a mharbhuigh é. Thosaigh sé ag troid agus dubhairt sé gur duine éicint sa teach a mharbhuigh é. Bhí an argóint chomh mór go mb'éigean d'Fhionn a ordóg a chur ina bhéal ag dul dá cangailt féachaint an gadhar nó duine a mharbhuigh é. Fuair Fionn amach gurbh é Donn a mharbhuigh é agus dubhairt Fionn le Siúrtán sásamh a bhaint amach mar gheall a mhac a bhaith marbh. Dubhairt Siúrtán annsin nach dtiubhradh sé a mhc ar ór ná ar airgead ach an méid atá mé inann a dhéanamh déanfaidh mé é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe