Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 432
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Muighris: Tugadh Muighris mar ainm ar an áit seo mar gheall bhí dearbhráthair don athair Ó Dómhnaill 'na chómhnaidhe ann agus sé an t-ainm a bhí air Muiris agus bhíodh sé ag fiadhach gach lá agus nuair a cailleadh é tugadh Muighris mar ainm ar an áit 'na dhiaidh.
Cloch a' mhíle: Tugadh Cloch a' mhíle mar ainm air mar tá sí sé mhíle ón gcrosbhóthar.
Cnoc Buidhe: Tugadh Cnoc Buidhe mar ainm air mar gheall tá a lán fraoigh agus aiteann ag fás air agus freisin tá gluaisteán sidhe le feiceáil ann gach oidhche.
An Tolamh Buidhe: Tugadh an Tolamh Buidhe air mar tá gaineamh buidhe le fághail ann agus mharbhuigh fear taibhse ann uair amháin.
An Gleann Mór: Tugtar an Gleann Mór air mar tá sé idir dhá chnoc.
Connamara: Tugadh Connamara air mar fear a bhí ann agus sé an t-ainm a bhí air Mara agus bhí seisear mac aige agus an mac ba shine sé an t-ainm a bhí air Conn agus d'fhág a athair an áit seo go léir aige agus sin é an fáth a dtugtar Connamara mar ainm air ó shoin.
Garraidhe na Slat: Tugtar Garraidhe na Slat mar ainm air mar slat ar fad a fhásann ann.
Garraidhe na hIotlainne: Tugtar é seo mar ainm air mar féar ar fad a fhásann ann.
Barr an Gharraidhe: Tugtar Barr an Gharraidhe air mar gheall tá sé an-ghar don chnoc.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe