Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “Tadhg na mBuille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an dtaobh thiar de Charna tá áit ar a dtugtar Áird. Is ins an áit sin a mhair fear fadó, a bhfuil a lán sgríobhtha faoi. Ba tighearna talmhan Tadhg, agus sé a bhí ana chruaidh ar na daoine. Ní bhíodh aon airgead aca siúd go minic le h-aghaidh na gcíos, ach ba chuma le Tadhg- muna mbíodh sé aca chaithidís na ba, na caoirigh, nó caiple a thabhairt dó in a ionad. Agus dá dtárluigheadh nach raibh na beithidhigh féin aca, agus thárluigheadh sin minic go leor, chaitheadh siad dul soir go h-Áird ag baint na móna dó ar feadh tréimhse fada, agus fiú an deoch uisge féin ní thiubhradh sé dóibh ó mhaidin go h-oidhche.
    Lá amháin tháinig Tadhg isteeach i dteach baintreabhaighe bhoichte. D'iarr sé uirri an cíos agus dubhairt sí, ag innsint an fhírinne dó nach raibh sí aice. Bhí fearg aan t-saoil air agus ní dhearna, nó níor dhubhairt sé tada, ach mias mór ime a bhí leagtha ar an drisiúr do chrochadh leis.
    An tráthnóna sin tháinig mac na baintreabhaighe isteach, agus faobhar ocrais air tar-éis lá cruaidh oibre ar an bportach. Ní raibh le fághail aige ach an t-arán tirm. D'fhiafruigh sé dá mháthair cá raibh an t-im agus d'fhreagair sí go dtug Tadhg na mBuille leis é. Bhí an mac le cuthach agus le bánaidhe agus ar thuitim na h-oidhche soir leis go dtí an Áird, agus sgian mhór ghéar in a phóca aige. Shroich sé teach Thaidhg- suas an staighre leis gur mharbhuigh sé an bitheamhnach de thighearna talmhan. Geallaim dhuit go raibh síothchán agus sonas in Áird in a dhiaidh sin. Tá fothracha tighe Thaidhg le feiceáil ann fós, ach deirtear go bhfuil an áit mhór timcheall air lán le taidhbhsí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe