Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am úd do chónnuigh sagart i nDún na nGall dárbh ainm an t-Athair Ó Dómhnaill. Do bhí mainistir annsin aige ach chuala sé go raibh saighdiúirí Shasana ar a thóir. Theith sé leis tré na cnuic agus na sléibhte agus sa deire thair thall shroich sé 'Cnoc Coillín' i gCarna, agus thóg sé teah dhó féin ann.
Oidhche amháin tháinig na saighdiúirí chuige. Fuair siad sgéala faoi. Bhí an teach dorcha agus dúirt siad leis 'las an solas'. 'Ní h-eadh ar seisean ach 'las an coinneal'. Bhí fhios aca annsin gurbh é an t-Athair Ó Dómhaill a bhí ann, mar sin é an focal a bhí aige. Annsin bhíodar ar tí é a ghabhadh, ach dubhairt sé leo fanacht go maidin go dteasbáinfeadh sé rudaí ana luachmhar a bhí aige istigh in oileán 'Cruach na Carra'. Ar maidin fuair sé long agus thóg sé isteach iad. An fhaid is bhíodar ag dul mór-thimcheall an oileáin ar lorg na neithe luachmhar mar b'eadh, fuair an sagart an deis éaló uatha. Isteach leis sa mbád arís. Sheol sé amach, agus d'fhág iad ar fán tríd an oileán. Níor fhéad siad an áit d'fághail agus cailleadh ann iad le hocras agus fuacht.
Tá fothracha an tighe a thóg an tAthair Ó Dómhnaill sa Coillín le feiceáil go dtí an lá atá indiu ann. Bhí driothár leis in a chomhnaidhe i Maighnuis in a dhiaidh sin, agus is uaidh a tugadh an t-ainm ar an áit.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe