Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair sé greim ar an ngasúr marbh agus chuir sé a bhéal, a ......... agus a ghlúine faoi ar an urlár agus annsin chuaidh sé ag .......... os a chionn nó go ndearna sé collach muice dhe agus dubhairt sé le Diarmaid mac Dhuinn a mharbhú nuair a bheadh sé sa reacht is fearr .... a shaoghal. Chuaidh an collach amach agus d'fhág na Fianna agus a raibh ins an teach. Bhí an draoidheadóir ag múineadh draoidheachta agus chuile chineál ...... fhead sé do mhac Dhuinn go ndearna sé fear maith agus go raibh sé foghlamtha ar chuile shórt cleasanna. Nuair a bhí Diarmaid ina fhear maith annsin le h-aghaidh chuile ní d'imthigh sé leis na Fianna Éireann, agus bhí sé ar cheann de na fir ab fhearr a bhí i n-Éirinn, ní raibh sé ann, an fear a bhí ní b'fhearr ná é. Nuair a bhí sgathamh den aimsir caite i n-éineacht le Fianna Éireann chuaidh Fianna Éireann ar cuairt ar athair Ghráinne agus bhí sí iarrtha ag Fionn mar bhean roimh an lá seo.
Nuair a chonnaic sí Fionn níor thaithnigh sé léithe. Cheap sí go raibh sé ró-shean agus bhreathnuigh sí ar na Fianna ar fad agus thaithnigh Diarmuid léithe nios mó ná aon duine eile. Chuaidh sí amach agus bhain sí géagán glas coille. Chuaidh Diarmaid agus Oisín amach ag siubhal agus tháinig Gráinne chuca agus bhuail sí trí iarraidh den ghéagán glas coillle ar Dhiarmaid agus dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í féin a phósadh. Dubhairt Diarmaid léithe nach bhféadfadh sé é sin a dhéanamh ó bhí sí ceaptha d'Fhionn. Labhair Oisín agus dubhairt sé ' Tá tú feileamhnach le na h-aghaidh agus tabhair leat í' mar tá Fionn ró-shean di. D'imthigh Diarmaid agus Grainne le chéile an oidhche chéadna. Nuair a chuala Fionn go raibh Gráinne imthighte le Diarmaid d'orduigh sé don arm fré chéile a dhul dá dtóraidheacht go marbhuigheadh sé iad. Bhí a fhios ag Diarmaid go bhféachfadh sé leis sin a dhéanamh agus chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe