Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé chun an chnuic agus bhain sé lán mála d'fhraoch. Thug sé an mála leis go dtí an taoille agus sgar sé an fraoch ins an gcladach. Changail Fionn an ordóg agus chonnaic sé gurbh é an áit a raibh sé ina chodladhsa bhfraoch, é fein agus Gráinne. Níor fhág Fianna Éireann, arm Fhinn aon chnoc sa tír nár thóruigheadar, ag tóraidheacht Diarmaid agus chinn sé ortha é d'fhághail. Nuair a bhí Diarmaid sáthach fada ag an taoille thug sé leis mala gainimh agus chuaidh sé leis chun an chnuic agus chuaidh sé fein agus Grainne a chodladh ar an ngaineamh. Changail Fionn a ordóg agus chonnaic sé gurbh é an chaoi a ribh Diarmaid sa ngaineamh. Chóirigh Diarmaid an fraoch ar an tráigh agus an gaineamh ar an gcnoc. Bhí Fionn dhá chur amú ar an gcaoi sin i n-imtheach os cionn bliana. Fuair seisear d'Fhianna Éireann greim ar Dhiarmaid ag bun cnuic i gCiarraighe i ngar d'ait a raibh coill ach ní raibh Gráinne i n-eineacht leis .
Bhí Gráinne fágtha i n-áit eile aige. Chuaidh siad féin agus Diarmaid ag troid. Bhuail Diarmaid iad agus bhain sé dhíobh na claidhmhtí. Tharraing sé crainnte as an talamh. Rinne sé súgán de na crainnte agus cheangail sé iad. Ní raibh aon fhear d'Fhianna Éireann a bhí i ndon iad a sgaoileadh ach ceathrar, bhí na snaidhmeanna chomh láidir curtha aige ortha. Chuaidh sé suas ar mhullach ceann de na cnuic i gCiarraighe. Fuair sé bairille annsin, sheas sé ar an mbairille agus chuaidh an bairille go híochtar agus Diarmaid ina sheasamh air. Níorbh fhéidir a chur dá bhonnacha go ndeachaidh sé san áit a raibh Gráinne aige. Thainig cuid d'Fhianna Éireann go dtí an áit a raibh na fir ceangailte. Dubhairt Oisín go raibh sé fein faoi gheasa ag Diarmaid gan aon bhlas dá gceanglóchadh sé a sgaoileadh choidhchin. Conán, an dara fear, ceann den ceathrar a bhí i ndon iad a sgaoileadh. 'Faraor gan Fianna Éireann uile ceangailte aige' a deir Conán. 'Sé an rud is mó a thaithneóchadh liom, agus Fionn i n-éineacht leo'.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe