Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 360
- XML “Scéal - An Fáth go bhFuil an Fharraige Goirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt driothar ann fadó- duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Chuile lá thagadh an duine bocht go dtí an duine eile ag iarraidh rud le n-ith. Thagadh sé i gcómhnuidhe, i gcomhnuidhe, ach sa deire thiar thall dubhairt an duine siadhbhir leis gan teacht chuige arís níos mó. Lá ar na bhárach nár tháinig sé arís. Bhí an driothar saidhbhir le bónuidhe agus dubhairt sé leis 'Gread leat as m'amharc agus gabh go hIfreann '. D'imthigh an pleidhce leis, agus lean sé ag siubhal, agus ag siubhal go dtí go raibh a bhrógachomh tanaidhe le sgiathán féileacáin.
Sa deire shroich sé teach mór. Isteach leis, agus cé bhí istigh roimhe ach an diabhal. D'fhiafruigh an diabhal dhe céard a bhí uaidh. D'fhreagair sé gur dhíbir a dhriothar é. Annsin dubhairt an diabhal leis go dtiubhradh sé muileann dhó agus rud ar bith a d'iarrfadh sé a dhéanamh, dhéanfadh sé dhó é. 'Spáin sé dhó cionnus é d'oibriú, agus cionnus stop a chur leis, ach dubhairt sé leis ar a anam gan innseacht d'aoinne beo faoi.
As go bráth leis an bhfear annsin, agus an muileann fan'n a asgal aige. Is gearr gur shroich sé a bhaile dhúthchais. Dubhairt sé leis an muileann teach beag a dhéanamh dhó. Rinne an muileann mar a dubhradh leis- thóg sé an teach ba bhreaghtha dá bhfaca tú ariamh. Dubhairt sé leis annsin óir do dhéanamh dó. Thosuigh sé ag déanamh an óir agus 'á cartadh amach chuige ar an mbord, agus is gearr go raibh an teach lán d'ór agus bhí áthas a chroidhe ar an bhfear bocht.
Chuala an driothar saidhbhir an sgéal agus tháinig se ag iarraidh an muilinn air.Ní raibh an duine bocht sásta ar dtús, agus nuair a thairg an duine eile milliún púnt air, thug sé dhó é. Thóg sé leis é agus nuair a chuaigh sé abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Cartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Caulfield
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Carna, Co. na Gaillimhe