Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal faoi na Dlíthe Pianúla (ar lean)
“In aimsear na peindlighte do bhí sagart uair i Maoghrus agus so bhí séipéal aige ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'innis sé do agus d'fhiafruigh sé dó an raibh aon sagart in a chomhnaidhe siar ann agus dubhairt sé go raibh sagart in a chomhnaidhe in aice leis féin. Ba cheann de na saighdiúirí a bhí ag marbhú na sagairt a bhí ann. D'imthigh an saighdiúir leis agus d'innis sé do na saighdiúirí eile céard a chualaidh sé. Ní raibh fhios ag an bhfear an ceann de na saighdiúirí a bhí ann. Ba shin é an t-am a gheobhfadh na saighdiúirí cúig phunt ar chloigeann sagairt. D'imthigh na saighdiúirí leo lá ar na mharach agus ba ghearr nó go dtáinic siad chomh fada le teach an tsagairt. "Tá tú i ngreim" arsa siad leis an sagart. "Táim, arsa an sagart. Bhí siad réidh le é a mharbhú nuair a dubhairt sé gan é a mharbhú go raibh go leor óir agus airgead aige istigh ar oileán agus nach bhféadfadh aon duine é a fhághail nó go bhfágfadh sé féin a láimh air. Is é an t-ainm atá ar an oileán ná Cruadh na Caoile. Tá sé taobh thuaidh de oileán Mhic Dara. Dubhairt an sagart nach raibh sé i bhfad ón áit agus go mba mhaith leis é a thabhairt do dhuine éicint sul a bhfuigheadh sé bás. D'imthigh siad leo annsin iad féin agus an sagart, agus ba ghearr go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cheanndhubháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe