Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Tomás Buidhe Úraid. Is minic a bhí brionglóid aige go raibh pota óir síos i n-aice droicead luimnighe agus is minic a bhrath sé dul ar a thóir. Oidhche amháin dá raibh an brionglóid aige dubhairt sé go rachfadh sé ar thóir an phota óir lá ar na bháireach. Dimtigh leis agus níor bhfada gur sroith sé an Droichead. Thosuigh sé ag tóruighiacht. Timceall an droichid go raibh sé beagnach n-oidhche acht ní raibh aon phota óir fáighte aige. Bhí táilliúr ag obair scathan ón Droicead agus thug sé faoí deara go raibh Tomás ag tóruighiacht rud éigin.Glaodh sé ar Thomás agus d'fiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag tóruighiacht agus d'innis Tomás dó. Dubhairt an tailliúr leis gan seafóid a bheith air gur minic a bhí brionglóid aige féin go raibh pota óir faoí bun sean-claide in Úraid. Níos dhubhairt Tomás tada acht chuaidh sé abhaile. Fuair sé láidhe agus chuaidh sé ag cartadh faoí bun an tsean-chlaidhe agus níor bfada nocht sé pota óir agus bhí sé an bródamhail uaidh sin amach mar bhí neart óir aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe